Má thosaíonn cill E. coli ag scaradh (ag déanamh dhá leath di féin) ag a 9:00, cé mhéad baictéar a bheidh agat tar éis 4 huaire an chloig?

Má thosaíonn cill E. coli ag scaradh ag a 9:00, cé mhéad uair an chloig is gá a ghabháil thart ionas go mbeidh líon níos mó baictéar ann ná mar atá daoine in oileán na hÉireann?

Má thosaíonn cill E. coli ag scaradh ag a 9:00, cé mhéad uair an chloig is gá a ghabháil thart ionas go mbeidh líon níos mó baictéar ann ná mar atá daoine sa domhan mór??

Má thosaíonn cill E. coli ag scaradh ag a 9:00, cé mhéad uair an chloig is gá a ghabháil thart ionas go mbeidh líon níos mó baictéar ann ná líon na ngráinní gainimh atá ar gach trá sa domhan mór trí chéile?

Ní bhíonn cill E. coli ach 2 mhicriméadar ar fad; is ionann sin agus 2 mhíliú de mhilliméadar! Má thosaíonn cill E. coli ag scaradh ag a 9:00, agus abair go ndéanann na baictéir ar fad slabhra foirfe díobh féin, cé mhéad uair an chloig is gá a ghabháil thart ionas go mbeidh an slabhra chomh fada le gráinne gainimh?

Má thosaíonn cill E. coli ag scaradh ag a 9:00, agus abair go ndéanann na baictéir ar fad slabhra foirfe díobh féin, cé mhéad uair an chloig is gá a ghabháil thart ionas go mbeidh an slabhra chomh hard le heilifint?

Má thosaíonn cill E. coli ag scaradh ag a 9:00, agus abair go ndéanann na baictéir ar fad slabhra foirfe díobh féin, cé mhéad uair an chloig is gá a ghabháil thart ionas go mbeidh an slabhra chomh fada leis an bhfad atá idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste?

Má thosaíonn cill E. coli ag scaradh ag a 9:00, agus abair go ndéanann na baictéir ar fad slabhra foirfe díobh féin, cé mhéad uair an chloig is gá a ghabháil thart ionas go mbainfidh an slabhra amach an pláinéad Neiptiún?

Cén scoil ina bhfuil tú agus cén bhliain nó rang ina bhfuil tú?

Check your answers
Finish and close »